Beartas príobháideachais

Réamhrá

Ón 11 Nollaig 2018 i leith, tá próiseáil sonraí pearsanta an duine ag institiúidí an Aontais á rialú le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018[1]. Faoin rialachán sin, leantar na prionsabail agus na rialacha céanna atá leagtha síos sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí[2].

Tá an fhaisnéis anseo thíos bunaithe ar Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Cén fáth go ndéanaimid do shonraí a phróiseáil?

Is ardán comhoibritheach ar líne é lechéile.eu a bhfuil sé mar aidhm aige saoránaigh agus eagraíochtaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa daonlathas.

Tá an t-ardán faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh, arna ionadú ag Parlaimint na hEorpa, agus forbraíodh é chun cumhacht a thabhairt do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí ról gníomhach a imirt chun todhchaí níos fearr a chruthú in AE. Cuireann sé ar chumas na saoránach agus na n-eagraíochtaí idirghníomhú le pobal lechéile.eu agus gníomhaíochtaí agus taithí a chomhroinnt trí inneachar ilmheán amhail gearrthóga fuaime, físeáin, íomhánna agus téacs. Chomh maith leis sin, is féidir le húsáideoirí scéalta agus teistiméireachtaí pearsanta a chomhroinnt, gníomhaíochtaí agus imeachtaí a thaifeadadh, imeachtaí a mholadh agus a eagrú don chuid eile den phobal, agus ábhar fógraíochta a chur ar fáil chun tacú le cumarsáid na Parlaiminte.

Is gá do shonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil tuilleadh chun an t-ardán lechéile.eu agus na feidhmiúlachtaí comhfhreagracha seo a leanas a bhainistiú: 

  • an nós imeachta clárúcháin agus rochtain ar an ardán lechéile.eu a éascú;

  • faisnéis ábhartha a sholáthar do rannpháirtithe maidir le himeachtaí agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí arna n-eagrú ag an bParlaimint agus ag an bpobal a éascú;

  • teachtaireachtaí amhail ríomhphoist, nuachtlitreacha agus cuirí (lena n-áirítear bainistiú na liostaí teagmhála ríomhphoist), a bhféadfadh próifíliú a bheith i gceist leo chun faisnéis a bhaineann le do leasanna a chur chugat; tá an cinneadh faisnéis a sheoladh chugat nasctha go huathoibríoch leis na roghanna atá socraithe ag an úsáideoir; tá sé sin bailí do gach úsáideoir cláraithe;

  • ranníocaíochtaí ó úsáideoirí cláraithe a thíolacadh, a chomhroinnt agus a mhaolú;

  • rochtain a fháil ar fhóraim;

  • rannpháirtíocht i gcomórtais arna n-eagrú ag an bParlaimint;

  • chun críoch staidrimh agus anailíseach;

  • dea-fheidhmiú agus cothabháil an ardáin lechéile.eu;

  • gníomhaíochtaí na Parlaiminte a chur chun cinn.

Is féidir suirbhéanna anaithnide a dhéanamh d’fhonn measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar ghníomhaíochtaí na Parlaiminte. Sna suirbhéanna sin, ní bhailítear ach sonraí comhiomlánaithe agus anaithnidithe.

Cad é an bunús dlí atá le próiseáil do chuid sonraí pearsanta?

Chun críoch cumarsáide agus rannpháirtíochta, úsáidfear Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725 mar bhunús dlí, ina sonraítear go bhfuil toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche sonraí amháin nó níos mó.

I gcás comórtais ar líne, beidh feidhm ag Airteagal 5(1)(c) de Rialachán (AE) 2018/1725, ina luaitear go bhfuil gá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun conradh a chomhlíonadh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí, nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé nó sí conradh.

Ina theannta sin, tá próiseáil sonraí bunaithe ar an gCinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2019[3] mar a thuairiscítear i miontuairiscí ghnáthchruinniú an Bhiúró an 17 Meitheamh 2019, inar leag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa béim ar an tábhacht a bhaineann le líonra bunaithe na gcomhpháirtithe príobháideacha agus poiblí a choimeád, i ndiaidh na dtoghchán freisin, agus chuir siad in iúl nach mór don chumarsáid leis na saoránaigh faoi Pharlaimint na hEorpa a bheith ina bheart leanúnach, seachas ina hócáid speisialta a tharlaíonn uair amháin gach cúig bliana roimh na toghcháin.

Chun críoch slándála, déileáiltear le do chuid faisnéise pearsanta i gcomhréir leis na coinníollacha a thuairiscítear in Airteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725. 

Is ar mhaithe le leas an phobail a dhéantar cúraimí a bhaineann le feachtas institiúideach faisnéise agus cumarsáide na Parlaiminte agus tá siad bunaithe ar chreat um fhorghníomhú straitéiseach Ardrúnaíocht na Parlaiminte.

Ní dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa do shonraí pearsanta a phróiseáil ach de réir mar is gá chun na cúraimí thuasluaite a chomhlíonadh agus, i gcás inarb infheidhme, má tá toiliú gan débhrí tugtha agat leis an bpróiseáil agus sa chás sin amháin. Ní phróiseálfar do shonraí pearsanta ach a mhéid is gá chun go gcomhlíonfar na cuspóirí a bhí leagtha amach tráth ar seoladh na sonraí sin agus a raibh siad ag teastáil lena n-aghaidh.

Cé atá freagrach as próiseáil do shonraí? (Rialaitheoir)

Feidhmíonn an Pharlaimint mar rialaitheoir sonraí agus déantar do shonraí a phróiseáil faoi fhreagracht chomhpháirteach na Stiúrthóireachta um na hOifigí Idirchaidrimh agus na Stiúrthóireachta um Fheachtais de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide i bParlaimint na hEorpa, a ndéanann an Stiúrthóir um na hOifigí Idirchaidrimh agus an Stiúrthóir um Fheachtais ionadaíocht orthu.

Chun tuilleadh eolas a fháil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na rialtóirí ag dataprotection@together.eu.

Cad iad na sonraí pearsanta a ndéanaimid próiseáil orthu?

Bíonn an fhaisnéis a bhailítear ag brath ar an gcineál úsáideora atá i gceist.

Úsáideoirí neamhchláraithe

Maidir leis an gcuairteoir bunúsach, ní féidir ach a seoladh IP a phróiseáil ar chúiseanna slándála. Coinnítear an fhaisnéis sin ar feadh 10 lá.

Úsáideoirí cláraithe agus a bhfuil páirt á glacadh acu

De dhíth

Tá an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil chun cuntas a chruthú ar an ardán:

  • Ainm agus sloinne;

  • Réigiún agus tír chónaithe;

  • Sonraí teagmhála (m.sh. seoladh ríomhphoist);

  • Rogha teanga.

Coinníonn an Pharlaimint súil freisin ar rátaí oscailte ríomhphost agus rátaí eile (i.e. ráta cliceála tríd agus preabráta) chun críoch staidrimh agus tuairiscithe.

Roghnach

  • Sonraí teagmhála (m.sh. uimhir ghutháin, seoladh, etc.);

  • Pictiúr próifíle;

  • Naisc do na meáin shóisialta, e.g. Facebook, cuntas Twitter;

  • Roghanna cumarsáide amach anseo, lena n-áirítear roghanna liostála agus ábhair spéise atá roghnaithe agat chun tuilleadh faisnéise a fháil fúthu;

  • Líon na n-úsáideoirí a earcaíonn úsáideoirí eile tríd an ardán chun críoch staidrimh agus tuairiscithe;

  • D'íomhá (grianghraif agus físeáin) a bailíodh le linn imeachtaí.

In imthosca áirithe, beidh saoránaigh in ann faisnéis a chomhroinnt go deonach leis an bpobal trí theistiméireachtaí agus ábhar closamhairc a chur isteach agus trí imeachtaí. Sna cásanna sin, baileofar toiliú breise. Ní bheidh an toiliú sin bailí ach i gcás aon teistiméireacht ar leith nó aon ábhar closamhairc ar leith a chomhroinnfear ar an suíomh gréasáin. Féadfaidh ionadaí ó eagraíocht chláraithe faisnéis a sholáthar faoin eagraíocht freisin i dtéarmaí faisnéis phoiblí agus feachtas a d’fhéadfaí a eagrú. Déanfaidh an fhoireann an t-ábhar atá molta ag na húsáideoirí a bhailíochtú ar dtús d’fhonn a sheiceáil go bhfuil téarmaí agus coinníollacha agus cód iompair an tsuímh gréasáin á n-urramú.

Nuair a eagraítear comórtais ar líne ar na meáin shóisialta nó ar bhealaí eile tríd an ardán seo, d’fhéadfadh céimeanna breise a bheith i gceist a éilíonn sonraí pearsanta breise a phróiseáil (faisnéis faoi phasanna agus/nó cuntas bainc). Cuirfear téarmaí agus coinníollacha sonracha in iúl don ábhar sonraí go soiléir.

Eagraíocht chláraithe

Sa bhreis ar na sonraí a bhailítear mar úsáideoir cláraithe, is féidir a iarraidh ar ionadaí eagraíochta cláraithe an fhaisnéis bhreise seo a leanas a chur ar fáil:

  • Post agus réimse na hoibre laistigh den eagraíocht do na húsáideoirí a chláraíonn mar ionadaithe eagraíochta.

Riarthóirí

  • Seoladh ríomhphoist feidhmiúil.

Cé aige a bhfuil rochtain ar do chuid sonraí pearsanta agus cé dó a nochtar iad?

Tugtar rochtain ar do chuid sonraí pearsanta do bhaill foirne agus conraitheoirí údaraithe de Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a dhéanamh de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Cloíonn na fostaithe sin le comhaontuithe rúndachta reachtúla, agus nuair is gá, le comhaontuithe rúndachta breise. 

Tá rochtain ag baill foirne sainordaithe de chuid sheirbhísí na Parlaiminte, a bhfuil baint acu leis an tionscadal lechéile.eu, ar shonraí pearsanta a bhailítear trí ardán tiomnaithe comhéadain riaracháin chun an tionscadal a oibriú agus chun bearta leantacha a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun críocha tuilleadh próiseála (e.g. arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí). Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil na sonraí inrochtana ach amháin ar bhonn ‘riachtanais eolais’, go sonrach: 

  • Tá rochtain ag foireann TF na Parlaiminte ar shonraí atá fíor-riachtanach chun tacaíocht theicniúil agus lóistíochta iomchuí a sholáthar (e.g. deasc chabhrach, bainistiú ceart rochtana, cothabháil an ardáin);

  • Beidh rochtain ag riarthóirí ar na sonraí pearsanta uile a sholáthraítear le linn an chlárúcháin.

Ní dhéanann Parlaimint na hEorpa aon sonraí a tharchur chuig tríú páirtithe lasmuigh de na faighteoirí sin. Ní chomhroinneann sí sonraí pearsanta le tríú páirtithe le haghaidh margaíocht dhíreach.

Ní féidir do shonraí a aistriú chuig na húdaráis inniúla (Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise) ach amháin má iarrtar sin le dlí, nó i gcás iniúchta nó nósanna imeachta breithiúnacha.

D’fhéadfadh sé go mbeadh naisc le suíomhanna gréasáin eile ar an árdan seo. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag Parlaimint na hEorpa ar na suíomhanna sin, tugaimid cuireadh duit athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais phríobháideachais féin na suíomhanna gréasáin sin.

Cá fhad a stóráiltear do shonraí pearsanta?

Beidh an tréimhse choinneála ag brath ar shonraí agus ar phróifíl an ábhair sonraí.

Úsáideoirí neamhchláraithe

Baileofar seoladh IP na gcuairteoirí nach bhfuil cuntas acu agus nach ndéanann ach brabhsáil ar an suíomh gréasáin chun críoch slándála. Tar éis 10 lá, scriosfar na logaí ina bhfuil na sonraí seo.

Úsáideoirí, rannpháirtithe agus eagraíochtaí cláraithe

Ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach go gcoinneoidh an Pharlaimint cumarsáid leanúnach le saoránaigh san fhadtéarma, níl aon dáta deiridh socraithe le haghaidh na sonraí a bhailítear do na próifílí sin.

Tá na bearta seo a leanas curtha i bhfeidhm chun smacht ar do chuid sonraí a neartú:

  • Go tráthrialta, tar éis gach toghcháin Eorpaigh, cuirfimid i gcuimhne do bhaill uile an phobail (i.e. na hábhair sonraí uile) gur féidir leo a dtoiliú a tharraingt siar agus a iarraidh go mbainfí a gcuid sonraí tráth ar bith;

  • I ngach cumarsáid ríomhphoist, gheobhaidh tú séanadh ina mínítear conas is féidir leat do shonraí a bhaint as an gcóras agus/nó díliostáil lenár gcumarsáid ríomhphoist;

  • I gcomhthéacs an chláraithe, mura ndéantar cuntas a bhailíochtú i gceart laistigh de 15 lá, scriosfar na sonraí ar fad a bhailítear don chuntas seo.

Riarthóirí

Coimeádtar an fhaisnéis chomh fada agus is gá don úsáideoir rochtain a bheith aige ar an gcomhéadan riaracháin.

Imeachtaí

Maidir leis na grianghraif agus na físeáin a tógadh le toiliú an ábhair sonraí le linn imeachta, coinneofar iad ar feadh bliain amháin.

Comórtais

I gcomhthéacs comórtas sonrach, má bhailítear aon sonraí breise, cuirfear an t-ábhar sonraí ar an eolas faoin dáta coinneála.

An gcomhroinnfear do shonraí pearsanta le tír nach bhfuil san Aontas Eorpach nó le heagraíocht?

Ní chomhroinnfidh an Pharlaimint do shonraí pearsanta le tír nach bhfuil in AE ná le heagraíocht.

Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta do shlándáil d’fhaisnéise pearsanta a chosaint. Bainimid úsáid as réimse éagsúil teicneolaíochtaí slándála agus nósanna imeachta a chabhraíonn le dʼfhaisnéis phearsanta a chosaint ó rochtain, úsáid nó nochtadh neamhúdaraithe. Tá an t-ardán lechéile.eu á óstáil i néalseirbhís le tacaíocht ó Seirbhísí Gréasáin Amazon (AWS). Tá conradh ag an bParlaimint le AWS faoi nós imeachta srianta idirinstitiúideach, lena n-áirítear clásail éagsúla maidir le cosaint sonraí chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1725 a áirithiú.

Faoi na forálacha conarthacha sin, is in AE amháin a fheidhmeofar na néalseirbhísí. Níl gá le seirbhísí a thairgeann an conraitheoir, a bhféadfadh aistriú sonraí a bheith ag teastáil uathu lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus ní úsáidtear iad chun críoch lechéile.eu.

Ina theannta sin, agus in ainneoin go bhfuil na freastalaithe a úsáidtear le haghaidh stórála lonnaithe in AE, ráthaítear criptiú na sonraí atá stóráilte ar na néalfhreastalaithe trí chur chun feidhme féin na Parlaiminte maidir le comhroinnt sonraí.

Cad iad na cearta atá agat nuair a dhéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725. Maidir leis an oibríocht phróiseála sin, is féidir leat na cearta seo a leanas a fheidhmiú: 

  • an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta;

  • an ceart chun do shonraí pearsanta a cheartú má tá siad míchruinn nó neamhiomlán;

  • an ceart chun do shonraí pearsanta a scriosadh;

  • i gcás inarb infheidhme, an ceart go gcuirfí srian ar phróiseáil do shonraí pearsanta;

  • an ceart chun iniomparthachta sonraí;

  • an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta a dhéantar go dleathach de bhun Airteagal 5(1)(a);

  • má tá do thoiliú tugtha agat don oibríocht próiseála reatha, an ceart chun í a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar.

Ábhair sonraí ar mian leo a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, is féidir leo ríomhphost a sheoladh chuig dataprotection@together.eu nó iarraidh a sheoladh trína spás pearsanta ar an suíomh gréasáin. Seolfar an t-iarratas chuig dataprotection@together.eu, agus déileálfar leis trí chóras ticéadaithe a bheidh comhtháthaithe sa réiteach bogearraí. Pléifidh foireann lárnach leis na hiarratais sin agus coinneoidh siad súil ar na gníomhaíochtaí gaolmhara go léir.

Cé leis ar cheart teagmháil a dhéanamh má bhíonn ceist nó gearán agat?

Is é an chéad phointe teagmhála atá agat ná dataprotection@together.eu.

Féadfaidh tú dul i dteagmháil, tráth ar bith, le hOifigeach Cosanta Sonraí na Parlaiminte (Data-Protection@europarl.europa.eu) má bhíonn aon ábhar imní/aon ghearán agat faoi phróiseáil do shonraí pearsanta.

Áirithíonn Oifigeach Cosanta Sonraí na Parlaiminte cur i bhfeidhm inmheánach Rialachán (AE) 2018/1725. Seo a leanas seoladh an Oifigigh Cosanta Sonraí:

An tOifigeach Cosanta Sonraí
Parlaimint na hEorpa
2, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Lucsamburg

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (edps@edps.europa.eu) tráth ar bith maidir le próiseáil do shonraí pearsanta.

Feidhmíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar údarás maoirseachta neamhspleách agus cinntíonn sé go ndéanann institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais an ceart chun príobháideachta atá ag daoine a urramú agus a sonraí pearsanta á bpróiseáil acu.


[1] Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

[2] Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

[3] Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2019 maidir leis na rialacha cur chun feidhme a bhaineann le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag Institiúidí, Comhlachtaí, Oifigí agus Gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.