Cód iompraíochta

Is ardán institiúideach neamhpháirtíneach de chuid Pharlaimint na hEorpa é lechéile.eu, atá neamhspleách ar aon pháirtí polaitiúil agus ar aon idé-eolaíocht. Is é is cuspóir d'ardán lechéile.eu an rannpháirtíocht dhaonlathach san Aontas Eorpach a chur chun cinn. Ní thacaíonn Parlaimint na hEorpa, mar institiúid, le haon pháirtí polaitiúil ar leith nó le haon Fheisire ar leith de Pharlaimint na hEorpa.

Sainítear sa chód iompair seo na prionsabail a rialaíonn ardán lechéile.eu. Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an ardáin agus níor cheart í a úsáid chun aon leasanna tráchtála nó príobháideacha a shaothrú.

Sainítear úsáideoirí lechéile.eu i théarmaí úsáidean ardáin. Cloífidh gach úsáideoir agus eagraíocht leis an gcód iompair seo. Tá feidhm ag téarmaí sonracha maidir le húsáideoirí agus eagraíochtaí rannpháirteacha.

Trí úsáid a bhaint as an tseirbhís nó trí chlárú ar lechéile.eu, geallann úsáideoirí neamhchláraithe, úsáideoirí cláraithe agus eagraíochtaí gan tuairimí a nochtadh, ábhar a chomhroinnt nó imeachtaí a eagrú:

  • a sháraíonn luachanna AE amhail dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ;

  • a sháraíonn na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

  • a dhéanann idirdhealú ar nó atá maslach i leith forais amhail cuma, cine, bunadh eitneach, reiligiún nó creideamh, gnéas, cultúr nó tionscnamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, mar a leagtar amach in Airteagal 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ;

  • a chuireann chun cinn páirtí nó iarrthóir polaitiúil ar leith;

  • a dhéanann foréigean i gcoinne daoine eile a ghríosú agus/nó ciapadh orthu;

  • atá pornagrafach nó ina bhfuil naisc chuig inneachar nó láithreáin ghréasáin phornagrafacha;

  • a chuireann chun cinn gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó a dhéanann na gníomhaíochtaí sin a éascú;

  • atá neamhdhleathach, fuathach nó bréagach nó míthreorach d’aon turas.

Trí pháirt níos gníomhaí a ghlacadh le lechéile.eu, comhaontaíonn na húsáideoirí agus na heagraíochtaí rannpháirteacha go léir an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • moltaí cuiditheacha agus nithiúla a chur le chéile lena n-urramaítear tuairimí saoránach agus eagraíochtaí eile;

  • imeachtaí atá cuimsitheach agus inrochtana a chur chun cinn;

  • an éagsúlacht a spreagadh sna díospóireachtaí trí thacaíocht ghníomhach a thabhairt do shaoránaigh de chúlraí éagsúla, gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, cúlra socheacnamaíoch, reiligiún nó leibhéal an oideachais;

  • saoirse cainte a urramú trí spás a thabhairt do thuairimí agus do thograí atá in iomaíocht lena chéile – fad is nach bhfuil siad fuathach ná neamhdhleathach;

  • taobhú le rannpháirtíocht trasteorann na saoránach agus le teangacha éagsúla de chuid an Aontais a úsáid nuair is féidir agus nuair is ábhartha;

  • trédhearcacht iomlán a áirithiú le linn tuairisciú a dhéanamh ar dhíospóireachtaí agus ar imeachtaí;

  • a áirithiú go mbeidh aon fhaisnéis faoi thopaicí a chuirfear ar fáil do rannpháirtithe (e.g. inneachar digiteach, cló nó closamhairc) cruinn, iontaofa, inrochtana agus inrianaithe;

  • comhlíonadh rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus beartas príobháideachais an ardáin a áirithiú;

  • a áirithiú go gcomhlíonfar na téarmaí úsáide agus go háirithe na forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla;

  • lógó Pharlaimint na hEorpa a úsáid i gcomhréir lena théarmaí úsáide, chun a rannpháirtíocht ar lechéile.eu a chur chun cinn.

Forchoimeádann Parlaimint na hEorpa an ceart chun staonadh ó inneachar a fhoilsiú nó chun inneachar a bhaint den ardán a mheastar a bheith ag sárú an chóid iompair seo.

I gcomhréir le hAirteagal 5 de théarmaí úsáide lechéile.eu, forchoimeádann an Pharlaimint an ceart chun rochtain ar an tSeirbhís a fhoirceannadh do gach úsáideoir a sháraíonn na téarmaí nó aon cheann de na beartais is infheidhme maidir leo.

Forchoimeádann an Pharlaimint an ceart rochtain ar chuntais lechéile.eu atá faoi úinéireacht Úsáideoirí Cláraithe, Úsáideoirí Cláraithe, Eagraíochtaí Cláraithe nó Eagraíochtaí Rannpháirteacha a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh má mheasann sí go bhfuil forais ann chun é sin a dhéanamh, gan aon dliteanas a chruthú i leith na n-úsáideoirí thuasluaite, agus go háirithe i gcás sáruithe leantacha ar aon cheann d’fhorálacha na dtéarmaí nó na mbeartas seo.