Téarmaí úsáide (‘Téarmaí’)

1. Tuairisc ar an tseirbhís

Is ardán comhoibritheach ar líne (‘Seirbhís’) é lechéile.eu a bhfuil sé mar aidhm aige saoránaigh agus eagraíochtaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa daonlathas.

Tá an t-ardán faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh, arna ionadú ag Parlaimint na hEorpa, agus forbraíodh é chun cumhacht a thabhairt do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí ról gníomhach a imirt chun todhchaí níos fearr a chruthú in AE. Cuireann sé ar chumas na saoránach agus na n-eagraíochtaí idirghníomhú le pobal lechéile.eu agus gníomhaíochtaí agus taithí a chomhroinnt trí inneachar ilmheán amhail gearrthóga fuaime, físeáin, íomhánna agus téacsanna (‘Inneachar’). Chomh maith leis sin, is féidir le húsáideoirí scéalta agus teistiméireachtaí pearsanta a chomhroinnt, gníomhaíochtaí agus imeachtaí a thaifeadadh, imeachtaí a mholadh agus a eagrú don chuid eile den phobal, agus ábhar fógraíochta a chur ar fáil chun tacú le cumarsáid na Parlaiminte.

2. Cé a fhéadfaidh an tSeirbhís a úsáid?

Is féidir le haon duine atá ina chónaí laistigh nó lasmuigh den Aontas agus atá 13 bliana d’aois ar a laghad an tSeirbhís a úsáid. Caithfidh cead tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil a bheith ag mionaoisigh (faoi aois 18) chun an tSeirbhís a úsáid. Tá tuismitheoirí nó caomhnóirí dlíthiúla mionaoisigh faoi cheangal ag na Téarmaí seo agus tá siad freagrach as an úsáid a bhaineann a leanbh as an tSeirbhís.

Deimhníonn daoine a úsáideann an tSeirbhís thar ceann eagraíochta go bhfuil an t-údarás dlíthiúil acu gníomhú thar ceann na heagraíochta sin, agus go nglacann an eagraíocht sin leis na Téarmaí seo. Tá oibleagáid ar eagraíochtaí an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi aon athruithe ar an eagraíocht agus/nó má fhágann a n-ionadaí an eagraíocht.

3. Catagóirí úsáideoirí agus feidhmiúlachtaí Seirbhíse

Tá catagóirí éagsúla úsáideoirí (ar a dtugtar ‘Úsáideoirí’) ag an ardán lechéile.eu, a bhfuil feidhmiúlachtaí éagsúla ag gach ceann acu.

3.1. Úsáideoirí Neamhchláraithe

Is úsáideoirí iad ‘Úsáideoirí Neamhchláraithe’ nach bhfuil cuntas logála isteach cruthaithe acu ar lechéile.eu. Is féidir leo rochtain a fháil ar an bhfaisnéis, na himeachtaí, an t-ionad íoslódála, na hábhair oiliúna agus na teistiméireachtaí atá ar taispeáint ar lechéile.eu, agus léamh tríothu. Is féidir leo imeachtaí a shábháil ar a bhféilire agus iad a chomhroinnt ar na meáin shóisialta. San ionad íoslódála, is féidir le hÚsáideoirí Neamhchláraithe Inneachar amhairc faoi fheachtais na Parlaiminte a íoslódáil agus a shaincheapadh. Tá cead acu freisin ábhar feachtais Úsáideoirí eile a íoslódáil.

3.2. Úsáideoirí Cláraithe

Is úsáideoirí iad ‘Úsáideoirí Cláraithe’ a chruthaigh cuntas logála isteach ar lechéile.eu. Tá na feidhmiúlachtaí céanna acu agus atá ag na hÚsáideoirí Neamhchláraithe. Ina theannta sin, áfach, is féidir leo eagarthóireacht a dhéanamh ar fhaisnéis ar a leathanach pearsanta, clárú le haghaidh imeachtaí, freastal ar chúrsaí oiliúna agus teachtaireachtaí a fháil.

3.3. Úsáideoirí Rannpháirteacha

Is ionann ‘Úsáideoirí Rannpháirteacha’ agus Úsáideoirí Cláraithe atá in ann Inneachar a chur ar fáil lena fhoilsiú ar lechéile.eu i bhfoirm imeachtaí agus teistiméireachtaí. Tá na feidhmiúlachtaí céanna acu agus atá ag Úsáideoirí Cláraithe. Ina theannta sin, is féidir leo ábhair feachtais atá in-íoslódáilte ag Úsáideoirí eile a uaslódáil. Tá an tInneachar seo faoi réir a bhailíochtaithe ag an bParlaimint sula bhfoilseofar é ar lechéile.eu.

3.4. Eagraíochtaí Cláraithe

Is eagraíochtaí iad ‘Eagraíochtaí Cláraithe’ a bhfuil cuntas logála isteach acu ar an ardán lechéile.eu arna chur ar bun ag ionadaí de chuid na heagraíochta. Má chláraíonn siad ar lechéile.eu, gheobhaidh siad cumarsáid ón bParlaimint (nuachtáin, cuirí chuig seimineáir, suirbhéanna, etc.). Is é seo an chéad chéim a chaithfidh gach eagraíocht a ghlacadh sula mbeidh sí ina hEagraíocht Rannpháirteach.

3.5. Eagraíochtaí Rannpháirteacha

Is ionann ‘Eagraíochtaí Rannpháirteacha’ agus Eagraíochtaí Cláraithe ar féidir lena n-ionadaithe Inneachar a chur ar fáil lena fhoilsiú ar lechéile.eu. Tá na feidhmiúlachtaí céanna ag ionadaithe na nEagraíochtaí Rannpháirteacha is atá ag na hÚsáideoirí Rannpháirteacha. Ina theannta sin, is féidir leo téacs gearr a mholadh mar aon le hainm agus lógó na heagraíochta a úsáidfear mar phróifíl phoiblí na heagraíochta. Féadfaidh siad nasc a chur leis an suíomh gréasáin agus leis na cuntais meán sóisialta. Tá an rogha acu freisin faisnéis feachtais a chur leis an bpróifíl phoiblí. Tá an t-inneachar seo faoi réir a bhailíochtaithe ag an bParlaimint sula bhfoilseofar é ar lechéile.eu.

Ina theannta sin, is féidir le hEagraíochtaí Rannpháirteacha páirt a ghlacadh san fhóram atá tiomnaithe go sonrach d’Eagraíochtaí Rannpháirteacha.

4. Téarmaí is Infheidhme

Tríd an tSeirbhís a rochtain agus a úsáid, comhaontaíonn na hÚsáideoirí go léir a bheith faoi cheangal ag na Téarmaí seo agus na polasaithe agus fógraí seo a leanas:

  1.   Fógra dlíthiúil láithreáin ghréasáin na Parlaiminte, ach amháin i gcás ina luaitear a mhalairt sna Téarmaí seo;

  2.   mbeartas príobháideachais, lena dtugtar faisnéis faoi chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí agus conas a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil ar ardán lechéile.eu;

  3.   gcód iompair, ina sainítear na prionsabail lena rialaítear úsáid an ardáin lechéile.eu.

Tá feidhm ag téarmaí sonracha maidir le hÚsáideoirí agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha (féach roinn 7).

Féadfaidh an Pharlaimint na Téarmaí sin nó na beartais thuas a mhodhnú chun athruithe ar fheidhmiúlachtaí na Seirbhíse a léiriú, nó ar chúiseanna dlí agus slándála. Cuirfidh an Pharlaimint Úsáideoirí ar an eolas faoi aon mhodhnuithe substaintiúla ar na Téarmaí sin nó ar aon cheann de na beartais thuas.

5. Fionraí agus foirceannadh

Forchoimeádann an Pharlaimint an ceart rochtain ar an tSeirbhís a fhoirceannadh do gach úsáideoir a sháraíonn na Téarmaí sin nó aon cheann de na beartais thuasluaite is infheidhme maidir leo.  

Forchoimeádann an Pharlaimint an ceart rochtain ar chuntais lechéile.eu atá faoi úinéireacht Úsáideoirí Cláraithe, Úsáideoirí Rannpháirteacha, Eagraíochtaí Cláraithe nó Eagraíochtaí Rannpháirteacha a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh má mheasann sí go bhfuil forais ann chun é sin a dhéanamh, gan aon dliteanas a chruthú uaithi i leith na n-úsáideoirí thuasluaite, agus go háirithe i gcás sáruithe leantacha ar aon cheann d’fhorálacha na dTéarmaí agus na mbeartas seo.

Déanfaidh an Pharlaimint fógra foirmiúil a thabhairt d’Úsáideoirí Cláraithe, Úsáideoirí Rannpháirteacha, Eagraíochtaí Cláraithe nó Eagraíochtaí Rannpháirteacha sula ndéanfaidh sí rochtain ar chuntais together.eu atá faoina n-úinéireacht a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, agus sonróidh sí na cúiseanna atá leis sin, agus iarrfaidh sí orthu barúlacha a chur isteach nó gníomhaíochtaí feabhais a dhéanamh laistigh de 15 lá féilire i ndiaidh an fógra a fháil.

Más rud é, tar éis scrúdú a dhéanamh ar na barúlacha a chuir na hÚsáideoirí Cláraithe, na hÚsáideoirí Rannpháirteacha, na hEagraíochtaí Cláraithe nó na hEagraíochtaí Rannpháirteacha isteach nó ar na gníomhaíochtaí feabhais a rinne siad, go gcinneann an Pharlaimint stop a chur leis an nós imeachta fionraí nó foirceanta, tabharfaidh sí fógra foirmiúil ina thaobh sin d’Úsáideoirí Cláraithe, Úsáideoirí Rannpháirteacha, Eagraíochtaí Cláraithe nó Eagraíochtaí Rannpháirteacha.

Mura bhfuil aon bharúil curtha isteach nó más rud é, d’ainneoin na mbarúlacha a chuir na hÚsáideoirí Cláraithe, na nÚsáideoirí Rannpháirteacha, na hEagraíochtaí Cláraithe nó na hEagraíochtaí Rannpháirteacha isteach nó na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, go gcinneann an Pharlaimint leanúint den nós imeachta fionraí nó foirceanta, tabharfaidh sí fógra foirmiúil ina thaobh sin d’Úsáideoirí Cláraithe, Úsáideoirí Rannpháirteacha, Eagraíochtaí Cláraithe nó Eagraíochtaí Rannpháirteacha laistigh de 15 lá féilire i ndiaidh freagra an chomhpháirtí a fháil, agus sonróidh sí na cúiseanna leis an bhfionraí nó leis an bhfoirceannadh, an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis agus an fad ama i gcás fionraí.

Tá Úsáideoirí Cláraithe, Úsáideoirí Rannpháirteacha, Eagraíochtaí Cláraithe agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha i dteideal a gcuntais úsáideora a dhúnadh tráth ar bith agus deireadh a chur lena n-úsáid as an tSeirbhís. Mar sin féin, ní féidir le foirceannadh na Seirbhíse úsáideoirí a dhíolmhú ó aon dliteanas a eascraíonn as úsáidí na Seirbhíse agus as sáruithe ar na Téarmaí a tharla roimhe seo. 

6. Téarmaí ginearálta úsáide do na hÚsáideoirí go léir

6.1. Úsáid na Seirbhíse

Faoi réir na dTéarmaí seo, deonaítear ceadúnas neamheisiach, domhanda, neamh-inaistrithe, neamh-fho-cheadúnaithe agus inchúlghairthe d’Úsáideoirí chun úsáid a bhaint as na bogearraí a sholáthraítear mar chuid den tSeirbhís. Ligeann an ceadúnas seo do gach Úsáideoir an tSeirbhís a úsáid de réir na dTéarmaí seo amháin.

Is féidir inneachar a fhoilsítear ar lechéile.eu a úsáid i gcomhréir leis na Téarmaí seo (féach roinn 6.6.).

6.2. Úsáid lógó Pharlaimint na hEorpa

Ní fhéadfar lógó na Parlaiminte a úsáid ach amháin i gcomhréir le téarmaí úsáide lógó Pharlaimint na hEorpa, go háirithe chun rannpháirtíocht Úsáideoirí in lechéile.eu a chur chun cinn.

6.3. Srianta ar úsáid

Leis na Téarmaí seo, ní thabharfar d'aon Úsáideoir na Seirbhíse an ceart chun:

  • úinéireacht aon chearta maoine intleachtúla sa tSeirbhís nó san Inneachar a foilsíodh uirthi a éileamh;

  • aon chuid den tSeirbhís nó aon Inneachar a atáirgeadh, a dháileadh, a dhíol, a cheadúnú nó a mhodhnú ach amháin mar a cheadaítear leis na Téarmaí seo nó mar a cheadaítear leis an dlí is infheidhme;

  • dul timpeall ar ghnéithe slándála na Seirbhíse nó iad a dhíchumasú, calaois a dhéanamh ar fheidhmiú na Seirbhíse nó cur isteach ar shlí eile air; 

  • rochtain a fháil ar an tSeirbhís trí mhodhanna uathoibrithe amhail botaí a úsáid, etc.; 

  • sonraí pearsanta Úsáideoirí eile na Seirbhíse a bhailiú nó a úsáid, ach amháin má cheadaíonn na daoine lena mbaineann é sin;

  • an tSeirbhís a úsáid chun turscar a dháileadh;

  • an tSeirbhís a úsáid chun inneachar tráchtála nó polaitiúil a dháileadh; 

  • an tSeirbhís a úsáid chun aon chineál earraí nó seirbhísí a dhíol.

6.4. Sáruithe ar mhaoin intleachtúil

Urramaíonn an Pharlaimint cearta maoine intleachtúla tríú páirtithe agus tá sí ag dréim leis go ndéanfaidh gach úsáideoir amhlaidh nuair a bhíonn siad ag idirghníomhú laistigh de phobal lechéile.eu. Forchoimeádann an Pharlaimint an ceart chun aon Inneachar a sháraíonn cearta maoine intleachtúla tríú páirtithe a bhaint agus cuntais úsáideoirí lechéile.eu a sháraíonn cóipchearta, trádmharcanna nó cearta maoine intleachtúla eile arís agus arís eile a chur ar fionraí/a fhoirceannadh.

Aon sealbhóir cirt a chreideann de mheon macánta go sáraíonn inneachar a chuirtear ar fáil ar lechéile.eu a gcearta cóipchirt nó trádmharcanna, féadfaidh sé fógra a sheoladh chuig riarthóirí na Seirbhíse ag copyright@together.eu.

6.5. Séanadh

Ní féidir an Pharlaimint a chur faoi dhliteanas i leith damáiste díreach nó indíreach a d’fhéadfadh teacht as úsáid na Seirbhíse. Glacfaidh an Pharlaimint gach beart is féidir chun a laghad cur isteach agus is féidir a bheith ann de dheasca earráidí teicniúla. D’fhéadfadh roinnt sonraí nó faisnéise ar lechéile.eu a bheith cruthaithe nó struchtúraithe i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí. Sna cásanna sin, ní féidir leis an bParlaimint a ráthú nach gcuirfidh na fadhbanna sin isteach ar an tseirbhís ná nach ndeánfaidh siad difear thairis sin di. Ní ghlacann an Pharlaimint le haon fhreagracht as tarchur lochtach sonraí a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar líonraí éagsúla an idirlín nó neamh-chomhoiriúnachtaí le brabhsálaí gréasáin an Úsáideora.

Ní féidir leis an bParlaimint a ráthú go bhfuil faisnéis ó fhoinsí seachtracha agus ó Inneachar arna sholáthar ag Úsáideoirí arna gcur ar fáil ar lechéile.eu iontaofa nó cothrom le dáta. Féadfaidh an fhaisnéis ar ardán agus gníomhaíochtaí lechéile.eu nasc a dhéanamh le láithreáin sheachtracha nó le feidhmchláir sheachtracha nach bhfuil aon smacht ag an bParlaimint orthu agus nach féidir léi aon fhreagracht a ghlacadh ina leith.

Nuair a roghnaíonn úsáideoirí lechéile.eu nasc a leanúint chuig aon suíomh gréasáin seachtrach nach bhfuil san fhearann europa.eu, fágann siad fearann oifigiúil na Parlaiminte agus tá siad faoi réir fhianáin, príobháideachais agus beartais dhlíthiúla an tsuímh ghréasáin sheachtraigh.

Ní thagann comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus inrochtaineacht suíomhanna gréasáin seachtracha atá nasctha le lechéile.eu faoi rialú na Parlaiminte. Is ar an suíomh gréasáin seachtrach atá an fhreagracht shainráite sin.

Níl sé i gceist sa séanadh seo dliteanas na Parlaiminte a eascraíonn ó Airteagal 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a theorannú.

6.6. Úsáid an Ábhair

Ar mhaithe le soiléireacht, ciallóidh Inneachar téacs, sonraí (neamhphearsanta) agus ítimí ilmheán amhail téacsanna, líníochtaí, grafaicí, deilbhíní, íomhánna, grianghraif, ábhar fuaime agus físe, arna gcur ar fáil ar lechéile.eu ag an bParlaimint, Úsáideoirí Rannpháirteacha nó Eagraíochtaí Rannpháirteacha.

6.6.1.  Inneachar arna sholáthar ag an bParlaimint

Is maoin eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh an tInneachar a chuireann an Pharlaimint ar fáil. Geallann úsáideoirí go n-urramóidh siad na cearta maoine intleachtúla atá ag AE gan dochar do na cearta agus na heisceachtaí dá bhforáiltear leis an dlí is infheidhme.

Mar riail ghinearálta, údaraítear athúsáid (macasamhlú nó úsáid) sonraí téacsúla agus ítimí ilmheán ar le AE iad (arna sainaithint leis na focail ‘© An tAontas Eorpach, [bliain/blianta] – Foinse: Parlaimint na hEorpa’, nó tríú páirtithe (© Foinse sheachtrach, [bliain/blianta]), agus a bhfuil cearta úsáide ag AE ina leith, le haghaidh úsáid phearsanta nó le haghaidh tuilleadh scaipthe neamhthráchtála nó tráchtála, ar choinníoll go ndéantar an mhír iomlán a atáirgeadh agus go dtugtar aitheantas cuí don fhoinse. D’fhéadfadh sé, áfach, go mbeadh athúsáid sonraí áirithe faoi réir coinníollacha difriúla i roinnt cásanna; sa chás sin, bíonn tagairt do na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an ítim ag gabháil léi.

Ní mór d'aon atáirgeadh páirteach sonraí nó ítimí ilmheán ón aip seo nasc URL na hítime iomláine nó an leathanach idirlín óna bhfuarthas é a lua freisin.

Gabhann na hÚsáideoirí orthu féin nach ndéanfaidh siad tásca an údair nó na foinse a scriosadh ná a athrú agus nach bhféachfaidh siad le dul timpeall ar na bearta teicniúla arna gcur i bhfeidhm chun doiciméid agus ítimí ilmheán a chosaint, amhail srianta priontála nó íoslódála agus clibeáil shofheicthe nó dhofheicthe. D’fhéadfadh imeachtaí sibhialta agus coiriúla a bheith de thoradh ar shárú ar bith a dhéanamh.

Maidir le haistriúcháin ar théacsanna nó doiciméid go teangacha seachas na leaganacha sna teangacha oifigiúla atá ar taispeáint ar lechéile.eu, údaraítear iad ar choinníoll go dtabharfar aitheantas cuí in áit fheiceálach oiriúnach, agus séanadh cuí a bheith ar a lorg, agus an dá ní sin a aistriú go dtí an teanga ábhartha:

‘Arna aistriú ón mbunleagan [sonraigh an teanga] a d’fhoilsigh an tAontas Eorpach ar lechéile.eu [sonraigh an URL]: © An tAontas Eorpach, [bliain/blianta] – Foinse: Parlaimint na hEorpa nó ‘© An tAontas Eorpach, [bliain/blianta] PE’, glacann [Ainm an tsealbhóra ceart maoine intleachtúla ar an aistriúchán] lánfhreagracht as an aistriúchán go [sonraigh an sprioctheanga]’.

6.6.2.  Inneachar arna sholáthar ag Úsáideoirí Rannpháirteacha agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha

Ní fhéadfaidh úsáideoirí Inneachar arna chur isteach do lechéile.eu ag Úsáideoirí Rannpháirteacha agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha a úsáid ach amháin i gcomhréir leis na feidhmiúlachtaí agus na húsáidí a bhfuil tuairisc orthu sna Téarmaí seo. Ní cheadaítear an athúsáid sin ach amháin chun críocha cumarsáide agus rannpháirtíochta i gcomhthéacs chuspóirí lechéile.eu, ar choinníoll go n-aithnítear foinse an Inneachair (i.e. lechéile.eu) agus go dtugtar creidmheas iomchuí don úinéir/do na húinéirí ábhartha Inneachair.

Ní fhéadfaidh úsáideoirí Inneachar a athúsáid a chuir Úsáideoirí Rannpháirteacha agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha isteach ar lechéile.eu chun críocha tráchtála ná chun aon chríoch eile nach gceadaítear go sonrach sna Téarmaí seo (féach freisin roinn 7.6).

7. Téarmaí sonracha úsáide le haghaidh Úsáideoirí Rannpháirteacha agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha

7.1. Inneachar arna chur isteach ag Úsáideoirí Rannpháirteacha

Ní féidir le hÚsáideoirí Rannpháirteacha Inneachar a chur isteach ar lechéile.eu ach amháin nuair atá siad cláraithe le hardán lechéile.eu agus cuntas úsáideora cruthaithe acu trína gcéadainm, a sloinne agus a seoladh ríomhphoist a lua, i gcomhréir leis na Téarmaí seo agus leis an mbeartas príobháideachais

7.2. Inneachar arna chur isteach ag Eagraíochtaí Rannpháirteacha

Ní féidir le hEagraíochtaí Rannpháirteacha Inneachar a chur isteach ach amháin nuair a chláraíonn a n-ionadaithe le hardán lechéile.eu agus nuair atá cuntas úsáideora cruthaithe acu trína gcéadainm, a sloinne, a seoladh ríomhphoist, ainm na heagraíochta agus a bpost a lua, i gcomhréir leis na Téarmaí seo agus leis an mbeartas príobháideachais.

Ní mór an phróifíl phoiblí agus feachtais na nEagraíochtaí Rannpháirteacha a dhréachtú i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

7.3. Úinéireacht an Inneachair

Tá Úsáideoirí agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha freagrach as, agus coinníonn siad an ceart ar, gach ceart maoine intleachtúla a bhaineann le hInnechar arna chur isteach acu.

7.4. Athbhreithniú ar Inneachar agus cód iompair

Ní mór d’Úsáideoirí Rannpháirteacha agus d’Eagraíochtaí Rannpháirteacha a bheith cinnte go n-urramóidh siad an cód iompair agus nach scaipfidh siad tríd an tSeirbhís aon Inneachar a sháraíonn na Téarmaí seo agus/nó an cód iompair.

Déanfaidh an Pharlaimint athbhreithniú ar Inneachar a chuirfidh Úsáideoirí Rannpháirteacha agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha ar fáil do lechéile.eu. Forchoimeádann an Pharlaimint an ceart aon Inneachar nach bhfuil i gcomhréir leis na Téarmaí seo ná leis an gcód iompair a scriosadh, nó foilsiú an Inneachair a dhiúltú, gan aon dliteanas a chruthú óna taobh féin i leith an Rannpháirtí.

Ní chuirfidh an t-athbhreithniú ar Inneachar ag an bParlaimint teorainn ar dhliteanas Úsáideoirí Rannpháirteacha agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha a bheidh freagrach go hiomlán as a nInneachar agus atá faoi dhliteanas as aon damáistí nó dliteanas eile a eascraíonn as úsáid neamhdhleathach na Seirbhíse, lena n-áirítear sáruithe ar chearta maoine intleachtúla tríú páirtithe.

7.5. Ceadúnas chuig AE

Trí Inneachar a chur isteach ar nó trí lechéile.eu, deonaíonn Úsáideoirí Rannpháirteacha agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha don Aontas Eorpach, arna ionadú ag an bParlaimint, ceadúnas domhanda, neamheisiach, inaistrithe, saor ó ríchíosanna, neamhthráchtála, fo-cheadúnaithe chun an tInneahcar sin a úsáid, lena n-áirítear an ceart chun an tInneachar sin a atáirgeadh, a dháileadh, a athrú, a aistriú, a chruthú, a chur ar taispeáint agus a chur in iúl don phobal in aon mheán agus i ngach meán, nó saothair dhíorthacha a dhéanamh de, chun ardán lechéile.eu a oibriú, a chur chun cinn nó feabhas a chur air nó chun gníomhaíochtaí na Parlaiminte a chur chun cinn, ar choinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don fhoinse agus d'úinéir an Inneachair.

Féadfar inneachar a scaipeadh ar shuíomhanna gréasáin na Parlaiminte, ar na meáin shóisialta, ar imeachtaí faisnéise agus rannpháirtíochta agus ar a bealaí cumarsáide eile go léir.

Deonaítear an ceadúnas ar feadh thréimhse iomlán na gcóipcheart agus, i gcás inarb infheidhme, na gceart gaolmhara. Má bhaintear Inneachar anuas, cuirfear deireadh leis an gceadúnas le haghaidh úsáidí as sin amach ach ní le haghaidh úsáidí a cheadaítear sula mbainfear é.

7.6. Ceadúnas d’Úsáideoirí

Chomh maith leis sin, deonaíonn Úsáideoirí Rannpháirteacha agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha d'Úsáideoirí lechéile.eu ceadúnas domhanda, neamheisiach, neamh-inaistrithe, saor ó ríchíosanna, neamhthráchtála agus neamh-fho-cheadúnaithe chun rochtain a fháil ar a nInneachar tríd an tSeirbhís, nó a nInneachar a úsáid tríd an tSeirbhís, lena n-áirítear an ceart chun an tInneachar sin a atáirgeadh, a dháileadh, a athrú, a aistriú, a chruthú, a chur ar taispeáint agus a chur in iúl don phobal in aon mheán agus i ngach meán, nó saothair dhíorthacha a dhéanamh de, arna gcumasú ag feidhmiúlachtaí na Seirbhíse agus chun críche cumarsáide agus rannpháirtíochta faoi chuimsiú chuspóirí lechéile.eu, ar choinníoll go dtugtar aitheantas d'fhoinse an Inneachair (i.e. lechéile.eu) agus go dtugtar creidmheas iomchuí don úinéir/do na húinéirí ábhartha Inneachair.

Deonaítear an ceadúnas ar feadh thréimhse iomlán na gcóipcheart agus, i gcás inarb infheidhme, na gceart gaolmhara. Má bhaintear Inneachar anuas, cuirfear deireadh leis an gceadúnas le haghaidh úsáidí as sin amach ach ní le haghaidh úsáidí a cheadaítear sula mbainfear é.

7.7. Barántais

Dlítear leis seo d'Úsáideoirí Rannpháirteacha agus d'Eagraíochtaí Rannpháirteacha an méid seo a leanas:

  • is iadsan údar agus/nó sealbhóir cirt an Innneachair a uaslódáladh agus/nó tá na ceadúnais agus an toiliú uile is gá faighte acu ó thríú páirtithe a bhfuil cearta acu ar an Inneachar sin;

  • tá siad i dteideal ceadúnas a dheonú don Pharlaimint agus d’Úsáideoirí eile chun an tInneachar a úsáid i gcomhréir leis na Téarmaí seo; 

  • níl aon chearta ag aon tríú páirtí ar an Inneachar uaslódáilte a d’fhéadfadh teorainn a chur ar bhealach ar bith le cearta na Parlaiminte nó cearta Úsáideoirí eile a eascraíonn as na Téarmaí seo;

  • ní sháraíonn Inneachar a chuirtear isteach aon dlí ná aon chearta tríú páirtí amhail cóipchearta agus cearta gaolmhara, trádmharcanna, paitinní, cearta íomhá daoine léirithe agus cearta príobháideachta.

7.8. Dliteanas

Tá freagracht iomlán ar Úsáideoirí agus ar Eagraíochtaí Rannpháirteacha as a nInneachar agus ceanglaítear orthu go sainráite gan ráitis chlúmhillteacha a dhéanamh agus gan aon sárú a dhéanamh ar an dlí maidir le cóipcheart, trádmharc, cosaint sonraí agus príobháideachas, ná aon cheart dlíthiúil eile, nó sárú den chineál sin a údarú.

Ní ghlacann an Pharlaimint le haon fhreagracht ná le dliteanas i gcásanna den sórt sin agus beidh an tÚsáideoir Rannpháirteach nó an Eagraíocht Rannpháirteach atá freagrach faoi dhliteanas as aon damáistí nó aon dliteanas eile a thagann chun cinn.

Beidh Úsáideoirí Rannpháirteacha agus Eagraíochtaí Rannpháirteacha faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó damáiste a tharlóidh don Pharlaimint nó do thríú páirtithe mar gheall ar a n-iompar neamhdhleathach le linn dóibh úsáid a bhaint as an tSeirbhís.

Comhaontaíonn Rannpháirtithe go ndéanfaidh siad an Pharlaimint a chosaint, a shlánú agus a choimeád go neamhdhíobhálach ó aon éilimh, cásanna dlí nó imeachtaí a eascraíonn as aon sárú ar na Téarmaí sin, lena n-áirítear sáruithe ar chóipcheart tríú páirtithe agus ar chearta maoine intleachtúla eile.

7.9. Sonraí pearsanta a bhaineann le hInneachar a chuirtear isteach

Coimeádtar sonraí pearsanta chomh fada agus a mheasann an rialaitheoir sonraí go bhfuil foilsiú an Inneachair ghaolmhar a chuirtear isteach ar ardán lechéile.eu ábhartha, áit a gcuirtear an tInneachar ar fáil do gach saoránach a úsáideann an t-ardán. Féadfaidh Rannpháirtithe a iarraidh go scriosfaí an tInneachar arna chur isteach acu freisin.

Ní thaispeánfar aon sonraí pearsanta ar leith ar an ardán ná ar aon suíomh gréasáin eile, ach amháin:

  • céadainm an Rannpháirtí (nó ainm iomlán más mian leis an Rannpháirtí creidiúnú a fháil);

  • pictiúr den Rannpháirtí; 

  • pictiúr a bhféadfadh duine inaitheanta a bheith ann;

  • sonraí comhthéacsúla eile a d'fhéadfadh an Rannpháirtí a léiriú sa phíosa Inneachair ar leith.

Maidir le sonraí pearsanta a bhaineann le cuntas lechéile.eu, féach ar an leathanach tiomnaithe faoin mbeartas príobháideachais .