Is iad seo ár scéalta

Ar fud na hEorpa, tá baill dár gcomhphobal lecheile.eu ag déanamh a gcion agus ag gníomhú trí bheith rannpháirteach agus trí ócáidí agus gníomhaíochtaí a eagrú. Tá a gcuid ráite ag cuid acu faoi thodhchaí na hEorpa, agus tá scileanna nua foghlamtha ag cuid eile. Tá tionchar imeartha acu de bharr a dtaithí, agus chuaigh a gcuid taithí i bhfeidhm orthu. Faigh amach faoina scéalta.

Gné-alt

Tiomantas Natasha an scéal a scaipeadh faoin na hinstitiúidí Eorpacha agus a gcuid oibre

Tá mé rannpháirteach sa ghréasán lechéile.eu ó ghlac mé páirt san fheachtas #Anuairseobeidhmeagvotail. 

Léigh an scéal iomlán About Tiomantas Natasha an scéal a scaipeadh faoin na hinstitiúidí Eorpacha agus a gcuid oibre

4 léirmheas as 13 léirmheas á léiriú

An tAontas Eorpach níos gaire do na réigiúin 

Is ionann a bheith mar chuid de lechéile.eu agus a bheith mar chuid de phobal a bhfuil rún aige. Ó chuaigh mé i bpáirt leis in 2020, bhí an deis agam cruinnithe éagsúla a eagrú agus an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do Thír na mBascach (agus a mhalairt!). Gan aon agó, is é an rud is fearr a ghabhann leis ná aithne a chur ar dhaoine ó chathracha Eorpacha eile a bhfuil na hábhair chéanna imní acu.

Beidh lechéile.eu lárnach do Bhliain Eorpach na hÓige

Tháinig mé ar lechéile.eu a bhuí leis na meáin shóisialta. Cheap mé go raibh an bealach ina ndéanann siad cumarsáid leis an Eoraip an-tarraingteach, agus tháinig mé isteach sa phobal lechéile.eu a luaithe is a fuair mé amach faoi.

Queres saber como é fazer parte dos Unidos.eu?

unidos.eu é uma comunidade pan-europeia que encoraja a participação de todos na democracia. Participam no processo político ou promovem a importância de votar – unidos, para que a União Europeia seja um lugar de democracia.

Cairdeas, cruinnithe agus a bheith páirteach ann: sin a méid a chiallaíonn lechéile.eu d ’Anton

Chinn mé páirt a ghlacadh in lechéile.eu toisc gur áit í inar féidir le saoránaigh fás trí pháirt a ghlacadh in institiúid nach eagraíocht ordlathach í ach ar Comhphobal í; Comhphobal ina bhfuil coincheap na hionadaíochta nasctha leis an rannpháirtíocht agus leis an díograis in ionad a bheith measctha leis an daonlathas díreach.