Beidh lechéile.eu lárnach do Bhliain Eorpach na hÓige

Tháinig mé ar lechéile.eu a bhuí leis na meáin shóisialta. Cheap mé go raibh an bealach ina ndéanann siad cumarsáid leis an Eoraip an-tarraingteach, agus tháinig mé isteach sa phobal lechéile.eu a luaithe is a fuair mé amach faoi.

Físchomhdháil le go leor eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta ab ea mo chéad ghníomhaíocht, agus thapaigh mé an deis chun mé féin a chur in aithne agus chun an eagraíocht Talento para el Futuro [‘Tallann don Todhchaí’] a chur i láthair. Ag an am sin, bhíomar díreach tar éis tosú leis an eagraíocht. Thug an Pharlaimint fáilte is fiche romhainn, áfach, agus chuidigh sí linn i gcónaí.

Ó shin i leith, níor stopamar de ghníomhaíochtaí agus tionscadail a dhéanamh le lechéile.eu: d’oibrigh siad linn agus leis an gCoimisiún Eorpach sa tionscnamh cáiliúil ‘Cafés con Europa’ [‘Caife leis an Eoraip’], ghlacamar páirt, mar chainteoirí agus mar éisteoirí araon, i ndíospóireachtaí éagsúla maidir le todhchaí an Aontais, agus bhíomar ar ghiúiré Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh 2021.

Beidh an bhliain seo, Bliain Eorpach na hÓige 2022, ríthábhachtach chun an méid is mó daoine óga is féidir a spreagadh agus iad a nascadh leis an Eoraip.

Gan dabht ar bith, beidh ról lárnach ag lechéile.eu ann, agus táimidne ag Talento para el Futuro [‘Tallann don Todhchaí’] ar fáil chun cuidiú a thabhairt le rud ar bith atá ag teastáil uathu.

Álvaro, saorálaí ag lechéile.eu agus stiúrthóir Talento Europa [Tallann na hEorpa]